Hide

Loading Events

Seisiúin Scríbhneoireachta do na Gaeil

DATE

December 11, 2024

TIME

18:00 - 20:00

Event Description

Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.

Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.

Seisiún míosúil is ea é seo a bheidh ar siúl ar an dara Céadaoin de gach mí. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.

Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil agus tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith trí Scéim na Litríochta. Beidh tús áite ag baill AAG ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn.

Contact aerach.aiteach.gaelach@gmail.com for more information

Event Venue

Red Room, Outhouse LGBTQ+ Centre, 105 Capel Street
Dublin, D01 R290 Ireland
SHARE

Event Details

11 December 2024
18:00 - 20:00
scheduled

Coming to an event at the centre?
Learn more about our accessibility.