Open call: 8 paid bursaries for LGBTQ+ artists with Irish // Glaoch Oscailte: Sparánacht íoctha do 8 n-ealaíontóir LADTA+ le Gaeilge
Are you an LGBTQ+ artist with a grá for Irish? We’re offering 8 paid bursaries of €250 for Irish-speaking artists to explore how the language can live and breathe in their creative practice. // An ealaíontóir LADTA+ tú, le grá agat don Ghaeilge? Tá sparánachtaí €250 á chur ar fáil againn do 8 n-ealaíontóir le Gaeilge le fiosrú conas gur féidir leo an teanga a chur – is a chaomhnú – mar chuid dá gcleachtas cruthaitheach féin.
Over a full-day workshop in Irish, we’ll dig into how modern Irish and queerness intersect: the words we’ve inherited, the new ones being made, and what they mean for the work we create. // Mar chuid de cheardlann trí Ghaeilge, beimid ag machnamh ar conas a fhásann an Ghaeilge nua-aimseartha agus an Aiteacht i dtéannta a chéile: na focail a tháinig romhainn, na focail nua atá á chumadh againn agus an tionchar atá acusan ar ár n-ealaín féin.
Expect conversations about sustainability and arts, creative pathways, language and identity, a guest speaker, and a communal lunch, all facilitated by an Irish-language advocate. Participants will receive an additional stipend of €125 to attend the workshop. // Bí réidh do chomhráite faoin inbhuanaitheacht agus na healaíona, faoi chonairí chruthaitheacha, faoin teanga agus faoin bhféiniúlacht. Beidh lón clúdaithe le haoi speisialta agus beidh an cheardlann féin áisithe ag áisitheoir le Gaeilge. Gheobhaidh tú íocaíocht bhreise de €125 le freastal ar an gceardlann.
You’ll then create a new piece inspired by the day, and we’ll come back together for an intimate launch in Outhouse to share the work. // Ansin, cruthóidh tú píosa ealaíona mar inspioráid ón gceardlann, agus buailfimid arís chun na píosaí a thaispeáint mar chuid d’oíche speisialta in Outhouse.
Can I apply? // An féidir liom cur isteach air?
If you are an LGBTQ+ artist working in music, poetry, literature, or visual art, with confident conversational Irish, yes you can! You don’t need to be fluent, but must be comfortable chatting and following the workshop in Irish. We’ll send you a queer Irish dictionary and glossary in advance, and language support will be on hand on the day. // Más ealaíontóir LADTA+ tú a bhíonn ag obair le ceol, filíocht, litríocht, taibhiú nó leis an ealaín fhísiúil, a bhfuil Gaeilge labhartha cumasach agat, is féidir! Ní chaithfidh tú a bheith líofa, ach beidh an ceardlann agus an comhrá trí Ghaeilge. Seolfaimid an Foclóir Aiteach chugat roimh ré agus beidh tacaíocht teanga ar fáil ar an lá.
We are keenly but not exclusively interested in artists who speak Irish but previously haven’t incorporated the language into their practice as of yet. // Tá suim mór againn in iarratais ó ealaíontóirí a labhraíonn an Ghaeilge ach nár chur an teanga mar chuid dá gcleachtadh ealaíonta féin go fóill.
Key dates: // Dátaí tábhachtacha:
- Workshop: Sunday 8 November, 10am–6pm (attendance required) // Ceardlann: Dé Domhnaigh, 8 Samhain, 10rn–6in (riachtanach)
- Launch: Friday 4 December, (5pm-9pm) (attendance required) // Seoladh: Dé hAoine, 4 Nollaig, (riachtanach)
Both of these events will take place at Outhouse, 105 Capel Street, Dublin (map | accessibility) // Beidh an dá imeacht seo ar siúl in Outhouse, 105 Sráid Capel, Baile Átha Cliath (léarscáil | inrochtaineacht)
Apply by Friday, 16 October via the link. Successful applicants will hear back by Friday, 23 October. // Cuir d’iarratas isteach roimh an Aoine, 16 Deireadh Fómhair, tríd an nasc. Tiocfaimid ar ais chugat faoin Aoine, an 23 Deireadh Fómhair.